Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:76 - An Bíobla Naofa 1981

76 Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

76 Agus is díot, a linbh úd, a ghairfear fáidh an Té is Airde; ós tú a rachas amach roimh an Tiarna lena shlite a dhéanamh réidh roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

76 Agus tusa, a leinbh, goirfear fáidh an té is áirde díot; óir rachaidh tú roimh aghaidh an Tighearna le n-a shlighthe d’ullmhughadh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

76 Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

76 Agus tusa, a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh an Thighearna dullmhughadh a shligheadh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

76 Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

76 Agus tusa, a leanbh, glaofar ort-sa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:76
22 Tagairtí Cros  

Agus beifear á rá faoi Shíón: Sí is máthair dó seo is dó siúd.’ ” Is é an Tiarna, an Té is Airde, a bhunaigh go daingean í.


“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.


Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.


Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”


Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.


Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”


déarfaidh sé: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann?’ Ach dá ndéarfaimis ‘ó dhaoine’ ” - bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin -


Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair,


Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.


Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.


Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”


an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.”


Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’


Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” a deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí