Matha 10:20 - An Bíobla Naofa 1981 mar ní sibhse a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ní sibh-se a labhras, acht Spiorad bhur n-Athar, a labhras ionnaibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir ní sibh féin labharfas, acht Spiorad bhúr n‐Athar labharfas ionnaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ní sibhsi labhrus, achd Spiorad bhur Nathar féin labhrus ionnaibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n-Athar a labhrann ionaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar ní sibh-se a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh. |
Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”
Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile.
Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”
óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.”
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
Ach bhí Sól - nó Pól is é sin - lán den Spiorad Naomh agus d'fhéach idir an dá shúil air:
agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n‑aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé:
Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,
ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.
ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libhse ach é go cumasach in bhur measc.
Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.
Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.