Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 4:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Arsa Peadar leo ansin, agus é lán den Spiorad Naomh, “A rialtóirí na ndaoine agus a sheanóirí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Annsin dubhairt Peadar leo, agus é lán de’n Spiorad Naomh: A uachtarána an phobail, agus a sheanóirí, éistigidh:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Annsin adubhairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naomh, A riaghlóirí an phobail agus a sheanóirí,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ann sin ar mbeith do Pheadar, ar na líonadh don Spiorad Náomh, a dubhairt sé ríu, A úachdaráin an phobuil, agus a shinnseara-Israél,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ansan do líonadh Peadas leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobhuil agus a sheanóirí, éistidh liom:

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 4:8
11 Tagairtí Cros  

Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,


Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile


Ach bhí Sól - nó Pól is é sin - lán den Spiorad Naomh agus d'fhéach idir an dá shúil air:


agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.


Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.


Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.


Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”


Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí