Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 4:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Chuir siad iad amach ansin ina seasamh i lár an tslua, agus dʼfhiafraigh siad díobh, “Cad í an chumhacht nó cad é an t‑ainm a ndearna sibh sin tríothu?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus ghá gcur i lár báire dóibh, d’fhiafruigh siad: Cad é an t-ughdarás, agus cad é an t-ainm tré n-a ndearna sibh-se seo?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do bhíodar curtha i lár baill aca, d’fhiafruigheadar, Créad é an t‐ughdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnabhar an nidh seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do chuireadar a lár íad, dfíafruigheadar, Créud é an túghdarrás, nó an tainm, as a ndearna sibhse a ní so?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus chuireadar iad-san i láthair agus cheistighdar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n-ar dheineabhairse an nídh seo?

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 4:7
12 Tagairtí Cros  

“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”


Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


“Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug an t‑údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?”


D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”


Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:


Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.


bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.


Bhí Annas ardsagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ardsagartúil.


Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,


chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí