Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Óir is iad seo uilig na neithe a iarras na págánaigh. Óir tá a fhios ag bhur n-Athair go bhfuil na neithe sin uilig do dhíth oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Óir is iad sin na neithe go mbíonn tóir ag na Págánachaibh ortha; óir is eol d’bhúr nAthair neamhdha go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 (Oír a siád so uile iárruid na Cinidheacha:) óir áta a fhios ag bhur Nathair neamhdha go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:32
12 Tagairtí Cros  

D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.


Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.


Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.


Agus an n‑iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil - is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d'anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’ ”


Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n‑iarrann sibh air iad.


Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin.


Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,


Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.


agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí