Gníomhartha 28 - An Bíobla Naofa 1981Pól i Málta 1 Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é Málta ainm an oileáin. 2 Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; d'fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. 3 Bhailigh Pól gabháil brosna agus nuair a chaith sé sa tine é léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh. 4 Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.” 5 Chroith Pól an phiast uaidh isteach sa tine gan díth ná dochar air. 6 Bhí coinne acu siúd go n‑atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dia a bhí ann. 7 I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm Puiblias. D'fháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá. 8 Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach á fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é. 9 Ní túisce a tharla sin ná tháinig chuige gach uile dhuine eile ar an oileán a raibh éagruas orthu agus leigheasadh iad. 10 Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn. Ceann Scríbe 11 Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long Alastraíneach a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge na Díse. 12 Chuamar i dtír i Suracús agus thugamar trí lá ann. 13 Rinneamar timpeall as sin go Réigió. An lá dár gcionn d'éirigh an ghaoth aneas agus i gcionn dhá lá bhaineamar amach Poiteolí. 14 Fuaireamar roinnt bráithre romhainn ansiúd agus d'iarr siad orainn seachtain a thabhairt ina bhfochair. Agus thángamar chun na Róimhe mar sin. 15 Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach. 16 Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir á choimeád. 17 Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé. 18 Scrúdaigh siadsan mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor. 19 Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus b'éigean domsa Céasar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur i leith mo chine féin. 20 Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.” 21 Dúirt siadsan leis: “Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo drochscéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort. 22 Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl d'eolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.” Ag Fógairt an Dea-Scéil sa Róimh 23 Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe. 24 Chuaigh a chuid cainte ina luí ar chuid acu ach bhí cuid eile acu nach ngéillfeadh dó. 25 Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n‑aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé: 26 ‘Téigh go dtí an pobal seo agus abair seo leo: Éistfidh sibh go deimhin ach ní thuigfidh sibh, féachfaidh sibh go deimhin ach ní fheicfidh sibh, 27 Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n‑iompóidís chugamsa agus go leigheasfainn iad.’ 28 “Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.” 29 (Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'imigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin.) 30 D'fhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu. 31 Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart