Matha 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ghin Salmón Bóas ó Rahab, agus ghin Bóas Óbéd ó Rút, agus ghin Óbéd Iesse, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus ghein Boos Obed ó Rút. Agus ghein Obed Iesse. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do ghein Salmón Boes Ó Rachab; agus do ghein Boes Ióbed ó Rút; agus do ghein Ióbed Iesse; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab; agus do ghein Boos Obed ó Rút; agus do ghein Obed Iesse; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus do ghein Boos Obed ó Rút. Agus do ghein Obed Iesse. Agus do ghein Iesse Dáibhid an rí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ghin Salmónae Bóaz ó Rácháb; ghin Bóaz Óbaed ó Rút; ghin Óbaed Ieise; |
Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.
Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?
D'fhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna.
Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.