Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 1:19 - An Bíobla Naofa 1981

Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus ó bʼfhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht mar gur dhuine cóir Ióseph, a fear, Agus nár mhaith leis a cliú a bhaint dí, ba mhian leis í a chur uaidh i ngan fhios.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht, ó ba dhuine fíréanta Seosamh, a fear, agus nárbh áil leis a maslú go poiblidhe, ba mhian leis a cur uaidh ós íseal.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd ar mbeith do Ióseph a fear, na dhuine comhthrum, agus nár bháill leis isiompláir do dhéanamh dhi, bá mían ris a cur úadh ós íseall

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.

Féach an chaibidil



Matha 1:19
15 Tagairtí Cros  

Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”


Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.


Má luíonn fear le bean agus a chuid féin a dhéanamh di, nuair is leannán daoirsí le duine eile í, gan cheannach gan saoirse, bíodh seisean freagrach sa bhradaíocht ar chearta, ach ná cuirtear chun báis é mar nach raibh sise saor.


Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.


Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.”


óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.


Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.


D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”


Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mb'fhéidir.


Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh


Ach más fíor é agus má dheimhnítear nach bhfuarthas comharthaí maighdeanais na mná óige,