Feicfidh do shúile an rí seo ina áilleacht, dearcfaidh siad ar dhúiche chianchríochach;
Lúcás 9:29 - An Bíobla Naofa 1981 Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) San urnaí dó, dʼathraigh fíor a dhreacha, agus dʼéirigh a éadaí gléigeal go dtí gur dhall siad an tsúil. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus le linn dó a bheith ag guidhe, d’athruigh gné a aghaidhe, agus d’éirigh a chuid éadaigh geal agus lonnardha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus le linn guidhe dhó, tháinig athrú gné air, agus d’éirigh a éadaighe geal, lonnrach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla ag deanamh urnuighe dhó, gur hathruigheadh fioghair a aighthe, agus go ndearnadh a éadach geal dealruigheach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus mʼéirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. |
Feicfidh do shúile an rí seo ina áilleacht, dearcfaidh siad ar dhúiche chianchríochach;
Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;
Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.
Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis,
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.
Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.