Lúcás 9:17 - An Bíobla Naofa 1981 D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼith siad uile a sá. Agus tógadh an fuílleach a fágadh, dhá chiseán déag de bhloghanna briste. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’ith siad uilig agus fuair siad a sáith, agus tógadh a raibh fágtha i bhfuighleach acu, dhá bháscáid dhéag de chonamair. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca go léir: agus do tógadh lán dá chiseán déag de’n fhuighleach do bhí fágtha aca. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dithadar, agus do sasaigheadh iad uile: agus do tógbhadh dhá chlíabh dhég do bhíadh bhrisde do bhí dfhuighioll aca. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar. |
de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar, agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.
Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;
Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.