Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Caitheann an fíréan a sháith, ach bíonn goile an urchóidigh follamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Ithidh an fíréun do shásadh a anma: acht biaidh ríachtanas ar bholg an drochdhuine.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:25
17 Tagairtí Cros  

Líonann sé do shaol le nithe fónta; déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.


Beannóidh mé le flúirse bia é; tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta.


A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.


Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia, ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.


Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.


Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnach agus an ghannchúis mar robálaí.”


Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí, agus an ghannchúis, dála an [déirceora].


Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa.


ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.


Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe allta agus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.


Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.”


Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.


Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí