Lúcás 8:10 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Is díbh-se a tugadh eolas a bheith agaibh ar rúindiamhra ríoghacht Dé, acht do’n chuid eile i bhfuirm fáithscéal, ionnas, ar fheiceáil dóibh, nach bhfeiceadh siad, agus ar chluinstin dóibh, nach dtuigeadh siad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’ |
mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”
Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.
“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.
Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní,
chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”
“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”
Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta
Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.
ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos.
Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé,
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.