Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.
Lúcás 4:22 - An Bíobla Naofa 1981 Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus níl duine nach raibh an dea-fhocal aige faoi, agus nach ndearna iontas faoi na briathra grásúla a bhí ar a bhéal; agus dúirt siad, “Nach é mac Iósaif é seo?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rinne siad uilig fiadhnaise leis, agus b’iongnadh leo na briathra grásamhla a thigeadh as a bhéal, agus deireadh siad: Nach é seo mac Ióseph? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinneadar uile fiadhnuisi leis, agus do bhí iongantus aca ann sna combráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul. Agus a deirdís, An né nach é so mac Ióseph? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus thug cách fianaise air, bʼionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é seo mac Iósaef?” |
Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.
Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh: faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.
Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin, ach calaois le beola an urchóidigh.
Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim.
Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.
Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.
Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.”
Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”
“Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”
D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”
ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.
agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.