Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.
Lúcás 3:23 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a thosaigh Íosa, bhí sé tuairim is tríocha bliain dʼaois, agus (mar a measadh) ba é mac Iósaif é, mac Héli, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí Íosa é féin ag toiseacht fá thuairim a dheich mbliadhan fichead d’aois, agus é, mar a shíltí, ina mhac ag Ióseph, mac Heli, mac Mhatait, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí Íosa féin ag dul ’n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, ’n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph, mac Hélí, mic Mathat, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac–mar a síleadh–do Iósaef mac Héilí, |
Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.
Bhí Dáiví tríocha bliain d'aois nuair a rinneadh rí de agus d'fhan sé i gcoróin ar feadh daichead bliain.
áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála -
Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.
Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”
Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”
“Nach é seo,” a deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”
Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús