Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”
Lúcás 24:47 - An Bíobla Naofa 1981 agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus go mbeadh an aithrí agus maithiúnas na bpeacaí á bhfógairt ina ainmsean do na náisiúin uile, ag tosú ag Iarúsailéim. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus aithrighe agus maitheamhnas peacaidhe a sheanmóir ina ainm-sean do na cinidheacha go léir, ag toiseacht ó Ierusalem. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí dá bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. |
Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”
Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!
Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach; agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.
Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt.
Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia: Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún. Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn agus d'iníonacha ar a ngualainn.
“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?
Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.
is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:
Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.
An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - éistfidh mise le guí na spéartha agus éistfidh siadsan leis an talamh;
Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
d'fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa.
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.
“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”
Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,
níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
D'ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d'Iosrael.
Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,
trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.
Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína ainmsean.