Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Míocá 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tincfuid mórán cineadhach, agus a déaruid síad, Tigidh, déanam súas go slíabh an TIGHEARNA, agus go tigh Dé Iácob; agus muinfidh sé a shlighthe dhúinn, agus siubholum iona chasánuibh: óir rachuidh an dligheadh amach as Sion, agus briathar an TIGHEARNA ó Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip




Míocá 4:2
35 Tagairtí Cros  

Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.


Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail, a shiúlann i ndlí an Tiarna.


Go dtuga mo bhruasa moladh duit; nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.


Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”


Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.


is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.


Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.


déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.


Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ‘Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.’


go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.”


Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”


Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.


Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;


Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.


Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.


Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.


Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.


Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”


Ag fágáil dóibh, d'impigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn.


le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.


“Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d'aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí