ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,
Lúcás 21:8 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé, “Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcur ar seachrán; mar is iomaí sin duine a thiocfas i mʼainmse, agus iad á rá, ‘Is mise é!’ agus, ‘Tá an t‑am buailte linn!’ Ná géilligí dóibh siúd. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé: Tabhairigidh aire nach mealltar sibh; óir tiocfaidh mórán i m’ainm-se, ag rádh: Is mise é agus tá an t-am ar na gaobhair: ar an adhbhar sin, ná leanaigidh iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dúbhairt seision, Féachaidh nach meallfuighthear sibh: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Is misi é; agus do dhruid a naimsir linn: ar a nadhbharsin ná leanuidh íad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t-am in achomaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh. |
ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
Beifear á rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir.
D'fhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”
Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.”
Tháinig mise in ainm m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.
Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”
“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.
An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh
Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.
Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir d'fhear an oilc é féin a nochtadh - is é sin mac an léirscriosta,
Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí - daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú.
A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.
Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.
Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.
An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.