Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus dúirt sé, “Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcur ar seachrán; mar is iomaí sin duine a thiocfas i mʼainmse, agus iad á rá, ‘Is mise é!’ agus, ‘Tá an t‑am buailte linn!’ Ná géilligí dóibh siúd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus dubhairt sé: Tabhairigidh aire nach mealltar sibh; óir tiocfaidh mórán i m’ainm-se, ag rádh: Is mise é agus tá an t-am ar na gaobhair: ar an adhbhar sin, ná leanaigidh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd a dúbhairt seision, Féachaidh nach meallfuighthear sibh: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Is misi é; agus do dhruid a naimsir linn: ar a nadhbharsin ná leanuidh íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t-am in achomaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:8
26 Tagairtí Cros  

Agus éireochaidh mórán fáidh bréige, agus meallfaid‐sean a lán.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus adéarfaidh siad libh, Féach annsúd í! agus, Féach annso í! ná h‐imthighidh g‐á leanamhain:


Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche?


Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ar chaismeartaibh, ná bíodh eagla oraibh: óir caithfidh na neithe sin teacht ar dtús; acht ní thig an deireadh de láthair.


Thánag‐sa i n‐ainm m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thig duine eile ’n‐a ainm féin, glacfaidh sibh eisean.


Ar an adhbhar sin adubhairt mé libh, go bhfaighidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacaidhibh: óir muna gcreideann sibh gur mise é, gheobhaidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacaidhibh.


Uime sin adubhairt Íosa, Nuair árdócaidh sibh Mac an Duine, béidh a fhios agaibh annsin gur mise é, agus nach ndéanaim éinnidh uaim féin, acht gur fá mar theagaisc an t‐Athair dom, labhraim na neithe seo.


Nach bhfuil a fhios agaibh nach sealbhóchaidh lucht éagcóra ríoghacht Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfaighidh lucht striapachais, ná lucht íodhal‐adhartha, ná lucht adhaltrannais, ná lucht macnais, ná sodamaigh, ná gadaidhthe,


Ná mealladh aoinneach le baoth‐chainnt sibh: óir is de dheascaibh neithe d’á leithéidibh sin atá díbheirg Dé ag teacht ar chlainn na h‐easumhlachta.


Ná mealladh aoinneach ar aon chuma sibh; óir ní foláir tréigean an chreidimh do theacht ar dtús,


Acht éireochaidh droch‐dhaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag mealladh agus d’á mealladh féin.


A cháirde ionmhaine, ná creididh gach aon spiorad, acht déanaidh fromhadh ar na spioraidibh, d’fhéachain an ó Dhia atáid: de bhrigh go bhfuil a lán fáidhe bréige imthighthe amach san tsaoghal.


Óir atá a lán mealltóir imthighthe amach san tsaoghal, nach n‐admhuigheann Íosa Críost tháinig san gcolainn. Atá a leithéid seo ’n‐a mhealltóir agus ’n‐a ainchríost.


Is aoibhinn do’n té léigheas agus do’n dream éisteas le ráidhtheachas na tarngaireachta so, acht gach a bhfuil scríobhtha innti do choimheád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí