Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus dúirt sé, “Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcur ar seachrán; mar is iomaí sin duine a thiocfas i mʼainmse, agus iad á rá, ‘Is mise é!’ agus, ‘Tá an t‑am buailte linn!’ Ná géilligí dóibh siúd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus dubhairt sé: Tabhairigidh aire nach mealltar sibh; óir tiocfaidh mórán i m’ainm-se, ag rádh: Is mise é agus tá an t-am ar na gaobhair: ar an adhbhar sin, ná leanaigidh iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd a dúbhairt seision, Féachaidh nach meallfuighthear sibh: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Is misi é; agus do dhruid a naimsir linn: ar a nadhbharsin ná leanuidh íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t-am in achomaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:8
26 Tagairtí Cros  

Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.


Agus déarfaid siad libh, Féac anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.


Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht?


Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná biodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós.


Do thánag-sa i n-ainim m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é.


Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca.


Agus dubhairt Íosa leó: Nuair a dh’árdóchaidh sibh suas Mac an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é, agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar a theagaisg m’Athair dom a labhraim na neithe seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí