Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus dʼfhiafraigh siad de, “A Oide, cá huair a bheidh sin amhlaidh, agus cad é an tuar a bheas ann go díreach roimh a theacht?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus d’fhiafruigh siad de, ag rádh: A Mháighistir, cá h-uair a bhéas na neithe sin ann, agus cad é bhéas ina chómhartha, go mbéidh siad ar tí a theacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus dfíafruigheadar dhe, ag rádh, A Mhaighisdir, cía a núair bhéid na neithesi? agus créd é an comhthartha bhías ann an tan do dhéantar íad so?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 D'fhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:7
13 Tagairtí Cros  

Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann, tháinig na deisceabail chuige ar leithridh, g‐á rádh. Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin chum críche? agus cad é cómhartha do theachta, agus deiridh an tsaoghail?


Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc:


Adeirim libh go fírinneach, Ní rachaidh an díne seo ar ceal, nó go gcóimhlíontar na neithe sin go léir.


adubhairt sé, Iad so do‐chí sibh, féach, atá an t‐am ag teacht, agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh nach leagfar.


Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí