Lúcás 21:9 - An Bíobla Naofa 19819 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 Agus nuair a mhothóidh sibh iomrá ar chogaí agus ar chorraithe, ná bíodh aon uafás oraibh; mar caithfidh a leithéid a bheith ann an chéad uair ach ní thiocfaidh an chríoch uile san am amháin.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Agus nuair a chluinfeas sibh fá chogtha agus ceannairceacha, ná bíodh scannrughadh oraibh; is éigean do na neithe seo a bheith ann ar dtús, acht ní h-é an deireadh é díreach go fóill. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ar chaismeartaibh, ná bíodh eagla oraibh: óir caithfidh na neithe sin teacht ar dtús; acht ní thig an deireadh de láthair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus an tan do chluinfidhe cogtha agus búaidheartha, ná bíodh eagla oruibh: óir is éigin íad so do theachd air tús; achd ní deireadh é fós. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná biodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” Féach an chaibidil |