Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
Lúcás 2:39 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí gach nídh cóimhlíonta acu do réir dlighe an Tighearna, phill siad go dtí an Ghailile, go Nasair, a gcathair féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ni do réir reachda an Thighearna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin Násarét. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí gach ní curtha i gcríoch acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. |
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat
Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ”
A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.