Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
Lúcás 2:33 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼiontach lena athair agus lena mháthair an méid sin a dúradh faoi: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh iongantais fá na neithe seo a dubhradh fá dtaoibh de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionganta de na neithibh adubhradh ’n‐a thaobh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh iongantus Ióseph agus a mháthairsion fá na neithibh a dubhhradh na thimcheall. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna de sna neithe a bhí d’á rádh ’n-a thaobh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionaidh de na nithe a dúradh mar gheall air. |
Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.
Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.
Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost.
Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: