Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 an solas a thabharfadh eolas ort do na Gintlithe, agus an solas a bheadh ina ghlóir do do mhuintir Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Solus chun na cinidheacha a shoillsiughadh, agus glór do do phobal féin Israél.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Solas chum na Geinte do shoillsiú, Agus chum glóire do phobail Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Solus do dhéunadh soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:32
22 Tagairtí Cros  

Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.


Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.


Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.


Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir ag sliocht Iosrael go léir!”


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


déarfaidh mé leis na cimí: “Amach libh!” agus leo siúd atá sa dorchadas: “Amach go bhfeicimid sibh!” Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor, ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach.


Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.


Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort.


Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.


An malartaíonn cine a ndéithe? - agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith.


D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.


an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d'éirigh solas chucu.”


Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:


atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:


nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trína bheith ar an gcéad duine a d'éireodh ó mhairbh.”


“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”


Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”


Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí