Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus chuadar uile go léir le bheith cláraithe, an uile dhuine ag tarraingt ar a chathair féin.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus chuaidh na daoine go léir chun go ndéantaí iad d’áireamh, gach aoinneach go dtí a chathair féin.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do chuadar uile chum go n‐áirmhfidhe iad, gach aoinneach ’n‐a chathair féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chúadar eile dhá meas, gach áon fá leith dhá chathruigh féin,

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n-a chathair féin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.

Féach an chaibidil



Lúcás 2:3
5 Tagairtí Cros  

Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach.


Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.


B'é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír.


Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,


chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne.