Nuair a bheidh siad ocht lá d'aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.
Lúcás 2:21 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus i gcionn ocht lá ina dhiaidh sin, nuair a timpeallghearradh é, tugadh Íosa air, an t‑ainm a bhí tugtha air ag an aingeal sul ar gabhadh i mbroinn é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a críochnuigheadh na h-ocht laethe chun an leanbh a thimcheallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, an t-ainm a thug an t-aingeal air sul ar gabhadh é san bhroinn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do thimcheallgherradh, tugadh IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeall-ghearradh, tugadh ‘Íosa’ mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gábhadh sa bhroinn é. |
Nuair a bheidh siad ocht lá d'aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.
Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.
Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias.
Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d'ísligh sé é féin agus bhí umhal go bás - go bás na croise féin.