Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 2:2 - An Bíobla Naofa 1981

B'é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba é sin an chéad chlárú nuair a bhí Cirénius ina uachtarán ar an tSír.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

B’é Curínus, uachtarán na Síre, a rinne an t-áireamh seo i gcéaduair.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ba é seo an chéad chómhaireamh do‐rinneadh an tráth ’n‐a raibh Curénius ’n‐a cheannphort ar an tSithir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

(Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na úachdarán ar Shíria.)

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ba é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuirínias ina ghobharnóir ar an tSiria.

Féach an chaibidil



Lúcás 2:2
9 Tagairtí Cros  

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.


Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.


Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,


I gcuideachta Sheirgias Paulas próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.


Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é.


“Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix.


Ansin d'éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo,


Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.