Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
Lúcás 2:18 - An Bíobla Naofa 1981 Agus cách a chuala, b'ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus níl duine dár chuala nach raibh iontas air faoi ar inis na haoirí dóibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus na h-uile dhaoine dár chuala, bhí iongantas ortha fá na neithe a d’innis na h-aodhairí dóibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar na háodhairidhe ríu. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h-aodhairí dhóibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus cách a chuala, bʼionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. |
Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.
Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air.
Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.
Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”