Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Lúcás 2:16 - An Bíobla Naofa 1981 Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic siad fá dheifre, agus fuair siad Muire agus Ióseph, agus an leanbh ina luighe san mhainséar. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dʼimigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. |
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,
Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”
Agus nuair a d'imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d'inis an Tiarna dúinn.”
Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.
agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.
D'imigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus d'ullmhaigh an cháisc.