Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.
Lúcás 2:13 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus i dtobainne bʼshiúd slua de shluaite na bhflaitheas i gcoimhdeacht an aingil agus iad ag moladh Dé agus ag rá, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i dtoibinne bhí i gcuideachta an aingil sluagh mór de lucht na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rádh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair do bhí i bhfochair an aingil buidhean mhór de’n tsluagh neamhdha, iad ag moladh Dé, agus g‐á rádh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí go hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil ag moladh Dé, agus ag rádh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: |
Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.
Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir, Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?
Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.
Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: “Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.”
Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”
Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”
“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”
i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.
Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.