Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat.
Lúcás 19:26 - An Bíobla Naofa 1981 ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Deirim libh, an té a bhfuil aige, tabharfar a thuilleadh dó, ach an té nach bhfuil aige, bainfear de go fiú an méid atá aige. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht deirim libh, go dtabharfar do gach aoinneach ag a bhfuil, agus béidh fairsingeach aige: agus an té, nach bhfuil aige, tógfar uaidh fiú an rud atá aige. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim libh, go dtabharfar do’n té ag a bhfuil éinnidh; acht an té nach bhfuil éinnídh aige, bainfear de a bhfuil aige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a deirin ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe fós an ní atá aige. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é na fuil aige, tógfar uaidh an rud atá aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige. |
Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat.
Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
“Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.
Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.”
Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc.
Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”
“Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan aoinneach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’
Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach.
Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin.
Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.
Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.