Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.
Lúcás 18:42 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus arsa Íosa leis, “Bíodh radharc do shúl agat; is é do chreideamh a rinne slán thú.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leis: Bíodh do radharc agat: shlánuigh do chreideamh thú. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leis, Bíodh do radharc agat: do shlánuigh do chreideamh thú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ris, Bíodh do radharc agad: do shlánuigh do chreideamh thú. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” |
Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.
Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.
Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.
Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.
“Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!”