Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
Lúcás 18:38 - An Bíobla Naofa 1981 Agus d'éigh sé amach: “A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus scairt sé amach, ag rádh: A Íosa, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orm. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do liúigh sé, g‐á rádh, A Íosa, a Mhic Dháibhi, déan trócaire orm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do éigh seision ag rádh, A Iósa, a mhic Daibhi dénna trócaire oram. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus mʼéigh sé amach: “A Íosa, a mhac Dháiví, bíodh trua agat dom!” |
Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?”
Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.
agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”
Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”
Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”
is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví:
“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”