Lúcás 17:34 - An Bíobla Naofa 1981 Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deirim libh: An oidhche sin béidh beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim libh, Béidh beirt fhear i n‐aon leabaidh amháin, an oidhche sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. |
Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.
Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
Agus an n‑iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil - is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d'anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’ ”
“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.
Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.
Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”
Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.
tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,