Irimia 45 - An Bíobla Naofa 1981Sólás do Bharúch 1 An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá. 2 “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael fútsa a Bharúch: 3 Ó dúirt tú: ‘Is mairg domsa, óir chuir an Tiarna doilíos i gceann mo dhobróin! táim spíonta ó m'osnaíl, agus ní fhaighim faoiseamh ar bith!’ 4 Deir an Tiarna é seo: ‘Anois, brisim síos an rud a thóg mé; an rud a phlandaigh mé, tá mé á tharraingt aníos; [buailfidh mé an domhan] go hiomlán. 5 Agus an n‑iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil - is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d'anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.’ ” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart