Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”
Lúcás 12:23 - An Bíobla Naofa 1981 Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is fearr bhur mbeo ná bhur mbia, agus is fearr bhur gcolainn ná bhur n‑éadaí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is mó an t-anam ná an biadh, agus is mó an corp ná an t-éadach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is mó an bheatha ’ná an biadh, agus is mó an corp ’ná na h‐éadaighe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As mó an tanam ná an biádh, agus an corp ná an téadach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is mó le rádh an t-anam ’ná an bia, agus is mó le rádh an corp ’ná an t-éadach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach. |
Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach, an uile ní dá bhfuil aige, tá sé faoi do smacht; ach air féin amháin ná leag do lámh.” Agus leis sin chuaigh an Sátan amach as láthair an Tiarna.
Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”
Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.
Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith?
Nuair a bhí a ndóthain ite acu, thosaigh siad ag caitheamh an arbhair isteach san fharraige d'fhonn an long a éadromú.