Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir, ach níl [sás a ghill] ag an daibhir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Isé fúascladh anma duine a shaidhbhrios: acht ní chluin an bocht iomaithbhior.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:8
15 Tagairtí Cros  

Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre.


D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.


Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.


Má éilítear éiric air, ansin díoladh sé ar son a anama cibé rud a éileofar air.


Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir, agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.


[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.


Coróin na ngaoismhear a ngaois, an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.


Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh, ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air.


D'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh.


Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: “Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith - cruithneacht agus eorna, ola agus mil.” Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha.


Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.


Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?


Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí