Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
Lúcás 1:54 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé tarrtháil ar a sheirbhíseach Iosrael, agus é ag cuimhneamh ar a thrócaire, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ghlac sé chuige Israél, a shearbhónta, ag cuimhniughadh dó ar a thrócaire, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’fhóir sé ar Israel, a sheirbhíseach, Ag cuimhniú dó ar a thrócaire An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do ghlac sé Israél, a sheirbhíseach, ag cuímhneamh dó ar a thrócaire; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire– |
Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé.
A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo, cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael. Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom; a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.
An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.
Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.
Léirigh do dhílseacht do Iacób agus do bhuanghrá d'Abrahám faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.