Lúcás 1:47 - An Bíobla Naofa 1981 agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus is ábhar áthas mʼanama é Dia mo Shlánaitheoir, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhain mo spiorad aoibhneas as Dia mo Shlánuightheoir, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheoir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheóir; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. |
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.
agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir.
nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.
fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.
an t‑aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen.