Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é.
Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.
Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.
Uime sin thug an Tiarna a Dhia suas é do chumhacht rí na nArámach; bhris seisean air, agus ghabh sé líon mór dá phobal ina mbránna agus rug leis go dtí an Damaisc iad. Tugadh ar láimh do rí Iosrael é freisin agus rinne seisean ár agus eirleach ar a shluaite.
Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.