2 Ríthe 11:2 - An Bíobla Naofa 19812 Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Achd Iehoseba, inghean an rígh Ioram, deirbhshíur Ahasiah, do ghlac sí Ioas mhac Ahasiah, agus do ghad é as lár na mac ríogh do marbhadh; agus dfolchadar é féin agus a bhanaltra, annsa tseomra chodalta ó Ataliah, a ccruth nar marbhadh é. Féach an chaibidil |
Ach Iahóiseaba, iníon an rí, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach i suanlios. Rinne Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, agus bean Iahóideá an sagart (deirfiúr do Achaizíá freisin) é a chur i bhfolach ó Atailiá, i dtreo nár mharaigh sí é.