2 Ríthe 11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XI. Foirrneart. 13 Agus bás Ataliah. 17 Do aisigeadh an tsiol ríogha, agus an glanchrábhadh. 1 Agus an tan do chonnairc Ataliah mathair Ahasiah go raibh a mac marbh, déirigh sí agus do mharbh sí an síol ríogha uile. 2 Achd Iehoseba, inghean an rígh Ioram, deirbhshíur Ahasiah, do ghlac sí Ioas mhac Ahasiah, agus do ghad é as lár na mac ríogh do marbhadh; agus dfolchadar é féin agus a bhanaltra, annsa tseomra chodalta ó Ataliah, a ccruth nar marbhadh é. 3 Agus do bhí sé aice a bhfolach a ttigh an TIGHEARNA sé blíadhna. Agus do bhí Ataliah na Bainríoghain ós cionn na tíre. 4 ¶ Agus do chuir Iehoiada teachda uádh an seachdmhadh blíadhuin agus thug leis na húachdaráin ós cionn na ccéud, agus na caiptínigh agus an gárda, agus thug chuigesion íad go tigh an TIGHEARNA, agus do rinne cunnradh ríu, agus do bhean mionna dhíobh a ttigh an TIGHEARNA, agus do thaisbéin mac an rígh dhóibh. 5 Agus daithin sé dhiobh, gha rádh, Sé so an ní do dhéantaoi; Biaidh an treas cuid aguibh rachus a steach annsa tsábhóid ag coimhéud faire ag tigh an rígh; 6 Agus biáidh trían oile ag geata Súr; agus trían ag an ngeata taóibh shíar don ghárda: mar sin choimhéudfuidhe faire an thighe, go nach bristear síos é. 7 Agus dá chuid dhíbhse uile noch rachus amach annsa tsábbóid, coimhéudfuidsion faire thighe an TIGHEARNA gacha taobha don rígh. 8 Agus béithí timchioll an rígh fa ccuairt, gach uile dhuine gun a arm iona láimh: agus gidh bé ar bith thiocfas a measc na ccóirigh a steach, marbhthar é; agus bíthise a bhfochair an rígh mar rachus sé amach agus mar thiucfas sé a steach. 9 Agus do rinneadar na caiptínigh ós cionn na ccéud gach éinní dar aithin Iehoiada an sagart díobh: agus rug gach éanduine dá raibh ag dul a steach annsa ló shaóire, á mhuinntir leis an droing dar chóir dul amach annsa tsábbóid, agus thangadar go Iehoiada an sagart. 10 Agus thug an sagart do chaiptínibh na ccéud gáethe agus sgíatha an rígh Dáibhi, noch do bhí a tteampall an TIGHEARNA. 11 Agus do bhí an gárda na sheasamh, gach áon maille re na arm na láimh, fá gcuáirt timchioll an rígh, ó choirnél deas an teampuill go nuige coirnéul clé an teampuill, ar fad re taóibh na haltóra agus an teampuill. 12 Agus thug sé mac an rígh amach, agus do chuir coróin air, agus thug an nfíadhnuise dhó; agus do rinneadar rígh dhe, agus do ungadar é; agus do bhuáileadar a mbasa air a chéile, agus a dubhradar, Go mairigh an rígh. 13 ¶ Agus a nuáir do chúala Ataliah torman an ghárda agus an phobuil, tháinic sí chum an phobuil go teampall an TIGHEARNA. 14 Agus a nuáir do amhairc si, féuch, do bhí an rígh na sheasamh láimh ré piléir, mar budh gnáth, agus na prionnsadha agus na trumpadha a bhfochair an rígh, agus daóine na críche uile ag gáirdeachus, agus ag séideadh stoc: agus do bhris Ataliah a héadach, agus do éigh sí, Feall, feall. 15 Achd do aithin Iehoiada an sagart do chaiptínibh na ccéad, doifigibh an tslóigh, agus a dubhairt ríu, Beiridh libh amach í taobh amuich do na cóirighibh: agus gidh bé leanfas í marbhuidh leis an ccloidheamh é. Oir a dubhairt an sagart, ná marbhthar a ttigh an TIGHEARNA í. 16 Agus do chuireadar lámh innte; agus dimthigh sisi an tslighe a ttigdis na heich go tigh an rígh: agus annsin do marbhadh í. 17 ¶ Agus do rinne Iehoiada cunnradh idir an TTIGHEARNA agus an rígh agus an pobal, go mbéidís na bpobal ag an TTIGHEARNA; eidir an rígh mar an gcéadna agus an pobal. 18 Agus do chúadar muinntir na tíre uile go tigh Bhaal, agus do bhrisiodar síos é; a altóracha agus a íomhaigheacha do bhriseadar na mbloghuibh thríd amach, agus do mharbhadar Matan sagart Bhaal as coinne na naltórach. Agus dórduigh an sagart oifigidh ós cionn thighe an TIGHEARNA. 19 Agus rug sé leis uachdaráin na ccéud, agus na caiptínigh, agus an gárda, agus dáoine na tíre uile; agus thugadar a núas an rígh ó thigh an TIGHEARNA, agus tháinic sé a slighe an gheata an gharda go tigh an rígh. Agus do shuigh sé a ccatháoir an rígh. 20 Agus bá lúathgháireach dáoine na tíre uile, agus do bhí an chathair súaimhneach: agus do mharbhadar Ataliah leis an gcloidheamh láimh ré tigh an rígh. 21 Seachd mblíadhna dáois do bhí Iehoas a nuair do thosuigh sé a rioghachd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society