Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: “Tá sé chugat chun cath a chur ort.” Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá:
Íseáia 18:1 - An Bíobla Naofa 1981 Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach, ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Amhairg don tír atá ag folach lé sciathánuibh, noch atá taóibh thall dabhuinn na Hétiópia: |
Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: “Tá sé chugat chun cath a chur ort.” Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá:
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.
I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort, bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;
Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.
Ach nuair a fuair Sanaichéiríb scéala go raibh Tiorhácá, rí Chúis, ar a bhealach chun cath a chur air, chuir sé teachtairí ionsar Hiziciá an dara huair lena rá leis:
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”
“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!
Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúise tabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé, ofrálacha chugam.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.”