Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Íseáia 18 - An Bíobla Naofa 1981


Fáistine in Éadan Chúis

1 Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach, ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis,

2 tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige, ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí. Imígí libh, a theachtairí meara, chun cine na scafairí griandaite, chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall, cine cumhachtach caithréimeach, sa tír a shileann na haibhneacha.

3 A mhuintir an domhain uile, a áitreabhacha na talún go léir, breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde; éistigí, tá an stoc á shéideadh.

4 Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom: “Ón áit a bhfuil mo chónaí, tá mé ag breathnú uaim go socair, le linn loinnir agus ruithne teasa, le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”

5 Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart, nuair a aibíonn an bláth chun caor, gearrtar na péacáin leis an gcorrán, déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.

6 Fágfar ansin iad go léir le haghaidh éin chreiche na sléibhte agus ainmhithe allta na talún. Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh, agus na hainmhithe allta an geimhreadh.

7 Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí