Íseáia 18:3 - An Bíobla Naofa 19813 A mhuintir an domhain uile, a áitreabhacha na talún go léir, breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde; éistigí, tá an stoc á shéideadh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Féuchuidhsi uile, a áitreabhthacha an tsáoghail, agus a chomhnuightheacha na talmhan, a nuáir thoigfios sé bratach súas ar na sléibhtibh; agus a nuáir shéidfios sé a stoc, éistighsi. Féach an chaibidil |
“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.