Salm 17 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí in aghaidh Lucht Géarleanúna 1 Urnaí Dháiví. 1 Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m'urnaí nach dtagann as béal bréagach. 2 Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas; feiceann tusa an fhírinne. 3 Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam. 4 Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine; sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil. 5 Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh. 6 Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm: claon do chluas agus éist le mo bhriathar. 7 Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna, a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe. 8 Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile; folaigh mé faoi scáth do sciathán 9 ar na peacaigh a imríonn éigean orm. Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta; 10 a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais. 11 Éiríonn siad i m'éadan, bailíonn siad i mo thimpeall, táid ag faire na faille d'fhonn mé a leagan ar lántalamh. 12 Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche, le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht. 13 Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh. 14 Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí. 15 Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart