Íseáia 16:4 - An Bíobla Naofa 1981 Lig dóibh cur fúthu i do theach, muintir scaipthe sin Mhóáb; bí i do thearmainn acu i gcoinne an chreachadóra. Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht, críoch leis an gcreachadóireacht, agus lucht chosarbolg imithe as an tír, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Léig dom dhíbearthaibhsi comhnuidh ad fhochair, a Mhoab; bíse ad dhídean dóibh ó aghaidh an mhilltéora: óir atá an sáruightheach coisge, do scuir an millteóir, do scríosadh na díbearthuigh as an dúthaigh. |
Och! uiscí Nimrím, is sceirdiúil an áit í; tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha, lusra níl ann níos mó.
óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;
Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.
Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.
Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?
Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht; i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort, i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.
do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.
Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine.
rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.
Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,
Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.
Tiocfaidh an scriosadóir ar gach uile bhaile, ní rachaidh aon duine slán; creachfar an gleann, scriosfar an machaire; fógraíonn an Tiarna é!
B'olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthair lena theifigh a theanntú; gur thug tú fuíoll an áir ar láimh, lá a dhuainéise.”
I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.
Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí, mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n‑imeoidh; ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta, mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.
titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.
“Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte.
ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.