Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 16:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus daingneochar an chathaoir riogha a ttrócaire: agus suidhfidh sé innte a bhfírinne a ttabernacuil Dháibhi, ag breathnughadh, ag iarruidh breitheamhnuis, agus ag deifriughadh an cheirt.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 16:5
31 Tagairtí Cros  

Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,


Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.


Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”


Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”


Chuir Hiziciá na socruithe sin i bhfeidhm ar fud Iúdá. Rinne sé an ceart agus an mhaith agus an beart dílis i súile an Tiarna, a Dhia.


Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.


Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.


i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.


i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom.


Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób.


Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.


Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas, bunófar a ríchathaoir go brách.


Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,


Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.


“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,


Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agam agus déanfaidh mé náisiún láidir den mhuintir atá tuirseach traochta. Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíón as seo amach agus go deo.


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí