Íseáia 15 - An Bíobla Naofa 1981Olagón ar Mhóáb 1 Fáistine i dtaobh Mhóáb. An oíche a ndearnadh creach ar Ár, fágadh Móáb ina thost; an oíche ar creachadh Cír, fágadh Móáb ina thost. 2 Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha; 3 sna sráideanna tá éadach róin orthu, agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh. Sna cearnóga tá gach aon ag olagón agus an gol ag briseadh orthu. 4 Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin, chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint. Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith, agus a anam ag creathnú. 5 Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach. 6 Och! uiscí Nimrím, is sceirdiúil an áit í; tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha, lusra níl ann níos mó. 7 Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta agus a bhfuil a maoin á hiompar acu thar Sruthán na Saileach anonn. 8 Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb; fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint, a uailleach fad le Béar Éilím. 9 Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola; ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon, leon ar fhuíoll air Mhóáb agus ar iarmhar na tíre sin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart