Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 ach fág amach an chúirt atá taobh amuigh den teampall agus ná tomhais é; mar ligeadh leis na ciníocha í, agus cuirfidh siad an chathair naofa faoina gcosa i gcaitheamh dhá mhí is daichead.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus leig thart an chúirt atá taobh amuigh de’n teampall, agus ná tómhais í: óir atá sí tabhartha do na cinidheachaibh: agus gabhfaidh siad‐san de chosaibh ar an naomh‐chathair ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Achd teilg amach an chúirt atá don táobh amuigh don teampoll, agus ná tomhais í; óir tugadh í do na Cineadhachuibh: agus do dhéunuid an chathair náomhtha shaltairt fá na gcosuibh ré headh dhá mhíos agus dá fhíchead.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:2
32 Tagairtí Cros  

Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.


Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaithe agus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosrael arb é Tiarna na Slua is ainm dó.


Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.


Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.


Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.


Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana.


Thomhais sé a cheithre thaobh; bhí siad cúig chéad banlámh ar fad agus cúig chéad banlámh ar leithead. Bhí balla thart timpeall air a scar an áit naofa ón áit choitianta.


Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.’


tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d'Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán.


Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é


“Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.


titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.


Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?


Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.


Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia,


Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.


Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí